Saturday, March 28, 2020

Tinn sa Leaba Le Emily Agus Ríona


 
Tinn Sa Leaba
Le Emily Scally
Dúisigh mé agus bhí pian i mo bholg. “ A Mhamaí, tá pian i mo bholg agus tá tinneas cinn orm.” Arsa Emily.
 “ Suas go dtí an leaba mar sin,” arsa mamaí.
 “ Séa a mhamaí.” Arsa Emily.
Téim go dtí mo leaba agus seiceálann mamaí mo theoct.
 “Tríocha ocht bpointe ceithre chéima a duirt sí, tá teocht ard agat a Emily bocht.
 Fanacht sa leaba. Tá tú tinn.  Mo thrúa thú.
Is féidir leat leabhar a léamh.” Arsa mamaí.
“ Go raibh maith agat.”arsa Emily.
“ Tá fáilte romhat,” arsa mamaí.
“ seo do lón , nuair a chríochnaíonn tú téigh a chodladh,” arsa mamaí. Thug sí ceaparaí agus sú oraiste dom.
“Go raibh maith agat a mamaí. Slán!” arsa Emily.
Téim á chodladh agus dúisím ar a hocht a chlog an lá dar gcionn agus braithim níos fear.
 
An deireadh
 
 
 
Tinn sa leaba

Le Ríona Flynn rang a ceathar 2020

 

Tá mé tinn sa leaba innú. Ní maith liom a bheith tinn. Tá pian i mo bholg agus tá tinneas scornach orm. Caithfidh mé fanacht sa bhaile. Thug mo Mamaí mo bhricfeasta chugam. Tháinig Mamó suas. Tá sí go deas liom. Rinne sí lón dom. Bhí sé go hálainn. Go tobann mhothaigh mé níos fearr. Dúirt mé le Granny é. Dúirt sí go bhféadfainn féachaint ar an teilifís. D’fhéach mé ar chartúin ar an teilifís. Dúirt mo Mhaimeo go gcaithfimid Niamh a fháil ón scoil. Mar sin chuamar chun Niamh a fháil.  Bhí Niamh sásta mé a fheiceáil. Nuair a chuamar ar ais abhaile d’imir muid le chéile. Ansin tháinig mamaí abhaile. Ansin tháinig Daidí, Clodagh agus Odhrán abhaile fresin. Chuaigh Mamó abhaile. Rachaidh mé ar scoil amárach.

 

An deireadh
 
 
 

1 comment: